Fostach: chaith sé cúpla séasúr ag obair ar an mhóin agus ansin rinne sí suas a hintinn go raibh sí ag imeacht go Leitir Ceanainn ag obair. Bhí cumha uirthi ag imeacht. Chuig “Scots” ag feirmeoireacht a chuaigh sí, chaith sí ceithre bliana ansin. Bhí obair chrua ansin aici. Bhí áit measartha aici le luí ann, in lochta a bhí sí. Bhí 5 cinn eallaigh le bligh agus gamhna le cothú. Bhí an obair uilig leagtha amach di. Ansin bhí obair tí le déanamh fosta, níochán, soithigh, urláir le ní, tae le tabhairt amach an chuibhrinn, bóitheach na muc agus na gcearc a ghlanadh agus leaba úr le cur fúthu, a gcuid le tabhairt dona cearca agus na muca fosta, málaí préataí le baint dona hainmhithe, smúdáil, uibheacha le ní. Cuntas maith ar an obair uilig a bhí le déanamh.
Stobh a bhí aici lena dinnéar achan lá ar feadh ceithre bliana.
Ag Nollaig bhí dhá ghé acu agus arán rísíní. | 00:12:25 | |